Cheap an tUachtarán Micheál Ó hUigínn Garrett Sheehan, breitheamh ar scor de chuid na Cúirte Achomhairc, go téarma sé bliana mar Chathaoirleach an Choimisiúin, le héifeacht ón 9 Nollaig 2020.

Thosaigh Garrett Sheehan a ghairm bheatha mar aturnae. Ceapadh é chun na hArd-Chúirte in 2007, agus chun na Cúirte Achomhairc in 2014, áit ar fhóin sé go dtí go ndeachaigh sé ar scor in 2017.

Ceapadh Seamus McCarthy mar Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an 28 Bealtaine 2012. D’oibrigh sé roimhe sin mar Stiúrthóir Iniúchóireachta in Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ón mbliain 2008 i leith. Bhí freagracht fhoriomlán air as clár tuairiscithe na hOifige agus as Ioncam, Coimirce Shóisialach agus iniúchtaí oideachais tríú leibhéal. Idir an bhliain 1994 agus an bhliain 2008, bhí sé ar an Leas-Stiúrthóir Iniúchóireachta sa Stiúrthóireacht Tuairiscithe. D’aistrigh sé chuig an Oifig ón Roinn Airgeadais, áit ar oibrigh sé ón mbliain 1981 go dtí an bhliain 1994 agus a ndearna sé anailís eacnamaíoch agus dhéimeagrafach agus obair meastóireachta ar bheartais agus ar chláir.

Tá céim Máistreachta in Eolaíocht (Anailís Earnála Poiblí) ag an Uas. McCarthy, rud a bhronn Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, air. Tá céim Baitsiléir Ealaíon in Eacnamaíocht agus Eolaíocht na Polaitíochta aige freisin, rud a bhronn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, air.

Cheap an tUachtarán Michael D. Higgins Ger Deering ina Ombudsman agus ina Choimisinéir Faisnéise d’Éirinn i mí Eanáir 2022.

Tá roinnt comhlachtaí poiblí bunaithe agus á stiúradh ag Ger agus tá an-taithí aige ar chearta tomhaltóirí agus fostaíochta.

Ceapadh é ina Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais in 2015 agus ina Ombudsman um Pinsin in 2016. Rinneadh Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean de nuair a cumasaíodh an dá oifig in 2018. Sa ról seo bhí sé i gceannas ar chlár athraithe suntasach as a dtáinig i bhfad níos mó gearán in aghaidh soláthraithe seirbhísí airgeadais á réiteach trí idirghabháil.

Ba é Ger an chéad Choimisinéir um Rialáil Tacsaithe, áit ar thug sé isteach raon leasuithe ar an tionscal. Bhí sé ina Stiúrthóir bunaithe ar an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta (NERA) áit ar chuir sé comhlíonadh cearta fostaíochta chun cinn agus áit a bhfuair sé cúiteamh d’fhostaithe ar diúltaíodh a gcuid teidlíochtaí reachtúla íosta.

Bhí príomhról ag Ger i gceannas ar an gClár Athchóirithe um Chaidreamh san Áit Oibre a chruthaigh seirbhís náisiúnta caidrimh san ionad oibre dhá leibhéal atá dírithe ar an úsáideoir a tháinig in ionad na gcúig chomhlacht a bhí ann roimhe sin.

Tá taithí fhairsing aige ag obair ar fud an rialtais áitiúil, na forbartha pobail, na státseirbhíse agus na hearnála príobháidí.

 

Chuaigh Peter Finnegan isteach i Seirbhís Thithe an Oireachtais i mí Eanáir 1997 agus ceapadh é mar Chléireach Dháil Éireann an 13 Eanáir 2016.

Roimhe sin, d’oibrigh an tUas. Finnegan i Roinn an Taoisigh, sa Roinn Oideachais agus Scileanna, sa Roinn Airgeadais, sa Roinn Coimirce Sóisialaí agus in Oifig na nOibreacha Poiblí. Is as Baile Átha Cliath dó agus tá céim BSc (Eolaíocht Ríomhaireachta) aige ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath; tá Dioplóma Deimhnithe aige i gCuntasaíocht agus Airgeadas ó Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte; agus tá céim Mháistreachta aige i Riarachán Gnó (MBA) ó Scoil Ghnó Iarchéime Michael Smurfit, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Ceapadh Martin Groves mar Chléireach Sheanad Éireann i mí Eanáir 2017, tar éis dó fónamh mar Chléireach Cúnta ó mhí an Mheithimh 2014 i leith. Chuaigh sé isteach i bhfoireann Sheirbhís Thithe an Oireachtais sa bhliain 1992, áit ar oibrigh sé i raon ról difriúil, lenar áiríodh mar Oifigeach Airgeadais agus mar chléireach do roinnt coistí Oireachtais agus do na hoifigí nós imeachta parlaiminte. Roimh an mbliain 1992, d’oibrigh sé sa Roinn Cosanta, in Telecom Éireann agus sa Roinn Poist agus Telegrafa.

Áirítear leis na freagrachtaí atá ar an Uas. Groves obair Sheanad Éireann a riar agus comhairle nós imeachta a thabhairt don Chathaoirleach agus do Sheanadóirí. Tá sé ina Cheann Comhairimh do thoghcháin don Seanad freisin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas dó.

Cheap an Rialtas Geraldine Feeney, iarchomhalta de Sheanad Éireann, chun fónamh mar “ghnáthchomhalta” den Choimisiún ar feadh téarma sé bliana, le héifeacht ón 09 Nollaig 2020. D’fhóin Ms Feeney sa Seanad ó 2002 go 2011. Bhí sí ina comhalta de Chomhairle na nDochtúirí Leighis ó 1999 go 2004. Le linn a ballraíochta i gComhairle na nDochtúirí Leighis, chaith sí téarma ina Cathaoirleach ar a gCoiste um Eitic agus ba í an chéad duine tuata í a raibh an post seo aici.