An bhfuil aon cheisteanna agat faoi na freagrachtaí atá ort faoi na hAchtanna?

Soláthraíonn an Coimisiún um Chaighdeáin comhairle d’aon duine a bhfuil oibleagáidí air/uirthi faoi na hAchtanna um Eitic nó faoin Acht Toghcháin. 

Féadfaidh tú comhairle i scríbhinn a iarraidh ón gCoimisiún faoi na hoibleagáidí atá ort; agus féadfaidh an Coimisiún comhairle i scríbhinn a eisiúint chugat, ar comhairle í atá ina ceangal dlí. Is ceisteanna neamhfhoirmiúla iad an chuid is mó de na ceisteanna a fhaighimid, áfach, agus soláthraímid treoir maidir le conas na hAchtanna a chomhlíonadh.

Níl aon fhoráil ann do chomhairle faoin Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 (Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte) ná faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015. Mar sin féin, foilsíonn an Coimisiún treoirlínte agus uirlisí faisnéise chun cabhrú le comhlíonadh. Chomh maith leis sin, féadfaidh sé freagra a thabhairt ar cheisteanna ginearálta.

 

Cén chomhairle a fhéadfar a thabhairt dom faoin Acht Toghcháin?

Féadfaidh duine ar bith atá cumhdaithe ag an Acht Toghcháin comhairle a iarraidh faoi ghné ar bith den reachtaíocht nó faoi conas atá feidhm aici maidir le cás ar leith, nó chun cabhrú leis/léi cloí leis na hoibleagáidí dlíthiúla atá air/uirthi.

Mura mbíonn duine cinnte faoi conas atá feidhm ag an Acht maidir leis/léi, ba cheart dó/di teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin lom láithreach. B’fhearr iarrataí ar chomhairle a dhéanamh i scríbhinn (lena n-áirítear trí ríomhphost). 

 

Cé a fhéadfaidh comhairle a iarraidh de bhun na nAchtanna Toghcháin?

  • TDanna
  • Seanadóirí
  • FPEnna
  • Páirtithe polaitíochta
  • Iarrthóirí i dtoghcháin Dála agus i dtoghcháin Eorpacha
  • Iarrthóirí i dtoghcháin Uachtaránachta agus gníomhairí toghcháin
  • Tríú páirtithe
  • Síntiúsóirí corparáideacha
  • Síntiúsóirí

 

Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin comhairle a thabhairt fúthu seo:

  • Íocaíochtaí faoin Acht Toghcháin le páirtithe polaitíochta
  • Síntiúis agus caiteachas i dtoghcháin

Is comhairle cheangailteach í an chomhairle a thugann an Coimisiún um Chaighdeáin.

 

Cén chomhairle a fhéadfar a thabhairt dom faoi na hAchtanna um Eitic?

Féadfaidh duine ar bith atá cumhdaithe ag na hAchtanna um Eitic, 1995 agus 2001, comhairle a iarraidh faoi ghné ar bith den reachtaíocht nó faoi conas atá feidhm aici maidir le cás ar leith, nó chun cabhrú leis/léi cloí leis na hoibleagáidí dlíthiúla atá air/uirthi.

Mura mbíonn duine cinnte faoi conas atá feidhm ag na hAchtanna maidir leis/léi, ba cheart dó/di teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin lom láithreach. B’fhearr iarrataí ar chomhairle a dhéanamh i scríbhinn (lena n-áirítear trí ríomhphost).

I gcás go n-iarrtar comhairle ón gCoimisiún um Chaighdeáin, ní mór dó í a sholáthar laistigh de 21 lá nó, de rogha air sin, féadfaidh sé diúltú do chomhairle a sholáthar. Déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin iarracht gach píosa comhairle foirmiúla a sholáthar nó a dheimhniú i scríbhinn.

 

Cé a fhéadfaidh comhairle a iarraidh de bhun na nAchtanna um Eitic?

  • an tArd-Aighne
  • comhairleoirí speisialta
  • sealbhóirí “stiúrthóireachtaí ainmnithe”
  • sealbhóirí post ainmnithe sa státseirbhís agus san earnáil comhlachtaí leathstáit
  • sealbhóirí oifige (lena n-áirítear Airí agus Airí Stáit)

Féadfaidh comhaltaí den Dáil nó den Seanad nach sealbhóirí oifige iad teagmháil a dhéanamh leis an gCoiste um Leasanna Comhaltaí (don Teach ábhartha) le haghaidh comhairle a fháil faoi na hoibleagáidí atá orthu. 

 

Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin comhairle a thabhairt fúthu seo:

  • Ráitis bhliantúla maidir le leasanna
  • Ráitis maidir le leas ábhartha
  • Dearbhuithe reachtúla

Féadfaidh an Coimisiún diúltú do chomhairle a sholáthar freisin i gcásanna go bhfuil cúis ann lena chreidiúint go ndearnadh sárú a bhféadfadh go mbeadh ar an gCoimisiún é a imscrúdú.

I gcás go n-iarrtar iarraidh ar chomhairle, ní chuirfear an fhoráil ábhartha den Acht i bhfeidhm go dtí go soláthraíonn an Coimisiún comhairle nó go ndiúltaíonn sé do dhéanamh amhlaidh.

Is comhairle cheangailteach í an chomhairle a thugann an Coimisiún um Chaighdeáin. 

Sna hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, ciallaíonn an téarma “sealbhóir oifige”:

  • An Taoiseach
  • An Tánaiste
  • Aire den Rialtas
  • Aire Stáit
  • Ard-Aighne ar comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann é/í
  • Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann nó Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann
  • Cathaoirleach Coiste de cheachtar Teach den Oireachtas, i gcás gur oifig í atá ainmnithe de thuras na huaire le rún ón Teach sin, nó
  • Cathaoirleach Comhchoiste den dá Theach, i gcás gur oifig í atá ainmnithe de thuras na huaire le rún ó gach Teach.
Déan Teagmháil Linn