Reachtaíocht

Achtaíodh an tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014 (an tAcht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte), an 1 Iúil 2014.

Cuspóir an Achta

Foráiltear leis an reachtaíocht go n-íocfar liúntas bliantúil le ceannairí páirtí agus le comhaltaí neamhspleácha den Oireachtas chun speansais a thagann as gníomhaíochtaí parlaiminte a chumhdach.

Is é an Coimisiún a dhéanann maoirseacht ar an Acht agus ní mór do na ceannairí páirtí agus do na comhaltaí neamhspleácha fógra a thabhairt don Choimisiún gach bliain faoin dóigh ar chaith siad an liúntas. Déanaimid athbhreithniú ar na nochtaí a fhaightear chun deimhin a dhéanamh de gur ar speansais incháilithe a caitheadh an liúntas.

Tuilleadh faisnéise Féach www.irishstatutebook.ie chun teacht ar an téacs iomlán den reachtaíocht.

Reachtanna na hÉireann