Ní mór d’iarrthóirí i dtoghcháin Dála, Seanaid, Eorpacha agus Uachtaránachta sonraí a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoi na síntiúis a fuair siad agus faoina speansais toghcháin.

Cén ról a imríonn an Coimisiún um Chaighdeáin i dtoghchán?

Tar éis gach toghcháin, déanann an Coimisiún athbhreithniú ar an bhfaisnéis a chuir na hiarrthóirí isteach. Cuirimid comhairle ar an Roinn Airgeadais maidir le speansais incháilithe a aisíoc le hiarrthóirí tofa agus foilsímid tuarascálacha achoimre ar na toghcháin.

Cén fhaisnéis a thugtar sna tuarascálacha toghcháin?

Tugtar sonraí faoi na nithe seo a leanas sna tuarascálacha toghcháin:

  • Síntiúis a fuair iarrthóirí nár éirigh leo
  • Caiteachas toghcháin ag iarrthóirí agus ag páirtithe polaitíochta
  • Speansais toghcháin iarrthóirí a aisíocadh
  • Gníomhaíocht i measc “daoine eile”/tríú páirtithe sa toghchán

Tá seans ann go dtarraingeoidh an Coimisiún ábhair imní anuas faoin reachtaíocht freisin, bunaithe ar a eispéireas i maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna.

Déan teagmháil linn chun teacht ar thuarascálacha toghcháin níos luaithe.

Fothoghchán an tSeanaid 2022

Tuarascálacha toghcháin a foilsíodh le déanaí