Ceanglaítear leis an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, ar chomhlachtaí poiblí tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ina leagtar amach an líon nochtaí cosanta a rinneadh sa bhliain roimhe agus na gníomhartha a rinneadh ina leith.

Tugtar leis an Acht cosaint d’fhostaithe tar éis dóibh ábhair imní a tharraingt anuas faoi éagóir fhéideartha san áit oibre.

Conas a fhéadfar nochtadh a dhéanamh don Choimisiún?

Féadfaidh tú nochtadh a dhéanamh ar roinnt bealaí faoin Acht – mar shampla, féadfaidh tú nochtadh a dhéanamh do d’fhostóir agus, uaireanta, féadfaidh tú nochtadh a dhéanamh do dhuine “forordaithe” seachtrach.

Is duine forordaithe faoin Acht (Ionstraim Reachtúil Uimh. 339 de 2014, arna leasú le hIonstraim Reachtúil Uimh. 448 de 2015) é an Ceann um Eitic agus Brústocaireacht a Rialáil (dá ngairtear ‘Rúnaí an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí’ sna rialacháin maidir le nochtadh cosanta).

Cén cineál nochta a fhéadfar a dhéanamh?

Féadfaidh tú nochtadh a dhéanamh don Cheann um Eitic agus Brústocaireacht a Rialáil ar nithe a bhaineann leis an maoirseacht a dhéantar ar na nithe seo a leanas:

  • Na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001 – lena n-áirítear imscrúduithe agus tuarascálacha ar sháruithe féideartha ar na hAchtanna
  • Na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 2014, ar nithe cosúil leo seo a leanas:
  • Síntiúis a nochtadh do pháirtithe polaitíochta, do chomhaltaí den Oireachtas, d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa, agus d’iarrthóirí i dtoghcháin Dála, Seanaid agus Pharlaimint na hEorpa
  • Na hoibleagáidí atá ar thríú páirtithe
  • Na hoibleagáidí atá ar shíntiúsóirí corparáideacha
  • An faireachán a dhéantar ar na teorainneacha ar chaiteachas atá i bhfeidhm d’iarrthóirí toghcháin agus do pháirtithe polaitíochta
  • An faireachán a dhéantar ar an dóigh a mbaineann páirtithe polaitíochta úsáid as maoiniú Státchiste
  • An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014 (Uimh. 6 de 2014), maidir leis an dóigh a mbaineann páirtithe polaitíochta agus comhaltaí neamhspleácha úsáid as liúntais ghníomhaíochtaí parlaiminte

Tuarascálacha maidir le nochtaí cosanta a rinneadh don Choimisiún um Chaighdeáin

 

Tuarascáil ar Nochtaí Cosanta - 2023

Fuarthas seacht nochtadh cosanta i 2023, a bhreithinigh an Coimisiún de réir fhorálacha na nAchtanna um Eitic. Ag am na tuarascála seo, tá dhá cheann de na nochtaí seo fós á mbreithniú ag an gCoimisiún.     Cuireadh gnéithe de cheann amháin de na nochtaí sin ar aghaidh chuig Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta de réir oibleagáidí an Rúnaí faoi Alt 7A toisc nach raibh siad faoi shainchúram an Choimisiúin um Chaighdeáin.

Dúnadh ceithre nochtadh a fuarthas toisc nár tháinig siad laistigh de shainchúram nó nár chuir siad fianaise prima facie ar fáil chun an nochtadh a cheadú.

Fuarthas nochtadh breise gan ainm, ach, faoi Alt 8 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, tá cosc ar an gCoimisiún gearán a imscrúdú maidir le gníomh sonraithe mura bhfuil céannacht an ghearánaigh ar eolas agus dá bhrí sin ní thagann an tuarascáil seo faoi shainchúram an Choimisiúin. Mar sin cuireadh an tuarascáil seo faoi bhráid Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta faoi Alt 7A den Acht um Nochtadh Cosanta.

Tá bealaí agus nósanna imeachta tuairiscithe seachtracha bunaithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí de réir an Achta um Nochtadh Cosanta. Áirítear leis seo bosca poist tiomnaithe – disclosures@sipo.ie – nach bhfuil rochtain ach ag daoine ainmnithe air. Is féidir tuairiscí a fháil tríd an bpost freisin ag baint úsáide as an seoladh atá ar fáil ar ár láithreán gréasáín nó trí theachtaireacht a fhágáil ag 01 639 5797, tá siad seo ar fáil thuas.

Soláthraíonn an nasc thuas rochtain freisin ar Fhoirm Nochta Cosanta in-íoslódáilte agus ár nós imeachta seachtrach chun déileáil le tuairiscí. Tá ár nósanna imeachta á nuashonrú i gcónaí i gcomhréir leis an gcleachtas is fearr agus leis an treoir reachtúil a chuir an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe ar fáil le déanaí.

Ní raibh aon nochtadh cosanta faighte.

Fuarthas nochtadh cosanta amháin sa bhliain 2021, ach tar éis dó an gearán a chuir san áireamh, bhí an Coimisiún den tuairim nach raibh na hábhair laistigh dá shainchúram agus cuireadh an gearánach ar an eolas dá réir sin.

Scrúdaigh an Coimisiún nochtadh cosanta a fuarthas sa bhliain 2019 agus dúnadh é ina dhiaidh sin sa bhliain 2021.

Ní bhfuarthas aon nochtadh cosanta nua in 2020. Bhí breithniú á dhéanamh go fóill in 2020 ar nochtadh a rinneadh in 2019.

Fuarthas nochtadh cosanta amháin sa bhliain 2019, a cuireadh san áireamh ag an Choimisiún i gcomhréir leis an Acht Eitice. Bhí an clamhsán fós á phlé ag am an tuarascáil seo.

Fuarthas nochtadh cosanta amháin sa bhliain 2018. Tar éis dó an gearán a bhreithniú, áfach, tháinig an Coimisiún ar an tuairim nach raibh go leor faisnéise ann chun dul ar aghaidh agus tugadh fógra don ghearánach faoi sin.

Scrúdaigh an Coimisiún nochtadh cosanta amháin a fuarthas go mall sa bhliain 2017. Dúnadh ina dhiaidh sin é sa bhliain 2018. 

Bhí nochtadh cosanta amháin faighte sa bhlian 2017, a cuireadh san áireamh ag an Choimisiúin i gcomhréir leis an Acht Eitice. Mheas an Choimisiúin go raibh mórán de na nithe ardaithe lasmuigh dá théarmaí agus gur thit siad in ionad faoi théarmaí comhlachtaí poiblí eile. Eisíodh freagairt dá réir. Mar sin féin, de bharr gur thit ceann de na nithe faoi údaráis an Choimisiúin, atreoraíodh é le measúnú i gcomhréir leis na hAchtanna um Eitice in Oifigí Poiblí. Tá an t-ábhar fós á phlé ag am an tuarascáil seo.

Ní raibh aon nochtadh cosanta faighte.