An bhfuil tú i d’Fheisire de Pharlaimint na hEorpa? Má tá, tarlaíonn sé, faoin Acht Toghcháin, nach mór duit síntiúis agus speansais toghcháin a nochtadh don Choimisiún um Chaighdeáin agus síntiúis a thuairisciú gach bliain tar éis tú a thoghadh.

Má tá tú ag seasamh i dtoghchán, ní mór duit cloí leis an Acht Toghcháin le linn an toghcháin agus tar éis tú a thoghadh araon.

Tá cód iompair i bhfeidhm ag Parlaimint na hEorpa dá cuid feisirí. Cé go ndéanann an Coimisiún maoirseacht ar an Acht Toghcháin, níl aon ról maoirseachta againn i leith an chóid iompair sin. Déan teagmháil le Parlaimint na hEorpa chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcód.

Cén áit ar féidir liom comhairle a fháil?

Déan teagmháil linn ag an gCoimisiún um Chaighdeáin chun comhairle a fháil maidir leis na hoibleagáidí atá ort faoin Acht Toghcháin.