De bhreis ar ghearáin a imscrúdú de réir na nAchtanna um Eitic, tá feidhm mhaoirseachta ar leith ag an gCoimisiún um Chaighdeáin chun a chinntiú go gcomhlíontar forálacha an Achta Toghcháin, 1997 (arna leasú). I gcás ina measann duine gurbh fhéidir go mbeadh sárú déanta ar na hAchtanna Toghcháin, bíodh sé ag "duine sonraithe" nó ar shlí eile, féadfaidh sé/sí teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin, a imscrúdóidh an ní má mheasann sé gur cuí déanamh amhlaidh.

Déantar foráil le halt 4(4) de na hAchtanna Toghcháin go bhféadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin cibé fiosrúcháin is cuí leis a dhéanamh agus féadfaidh sé ceangal a chur ar dhuine ar bith aon fhaisnéis nó aon doiciméad a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil ón gCoimisiún chun críocha a dhualgas faoi na hAchtanna Toghcháina chur ar fáil.

Más mian leat gearán a dhéanamh de réir na nAchtanna Toghcháin, cuir sonraí ar aghaidh sa phost chuig: 

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla 
Baile Átha Cliath 2
D02 W773


Mar mhalairt air sin, féadfaidh tú sonraí a chur ar aghaidh trí ríomhphost chuig info@sipo.ie