Foráiltear le halt 22 d'Acht 1995 agus le halt 4 d'Acht 2001 (na hAchtanna um Eitic) gur "i scríbhinn" a dhéanfar gach gearán. Iarrann an Coimisiún um Chaighdeáin go gcuireann an gearánach ar fáil eolas dá ainm agus eolas teagmhála (uimhir guthán agus/nó seoladh - ní leor seoladh ríomhphoist amháin). Chun cur ar chumas an Choimisiúin um Chaighdeáin comhlíonadh cuí a dhéanamh ar an bhfeidhm atá aige a chinneadh cé acu is cuí imscrúdú a dhéanamh ar ghearán nó nach ea, tá sé riachtanach go bhfuil an gearán chomh mionsonraithe agus chomh sonrach agus is féidir. Tá an Coimisiún um Chaighdeáin den tuairim, dá bhrí sin, gur cheart na nithe seo a leanas a bheith i gceist le gach gearán a dhéantar faoi na hAchtanna um Eitic:

  • Ainm iomlán, seoladh agus uimhir theagmhála an duine a bhfuil an gearán á dhéanamh aige/aici;

  • Ainm an duine a bhfuil an gearán á dhéanamh faoi/fúithi; a dteideal / a bpost / a ról (más eol) agus ainm na heagraíochta;

  • Cur síos gonta ar an ngníomh/na gníomhartha nó an t-easnamh/na heasnaimh a ndearnadh gearán fúthu, ainmneacha, dátaí agus áiteanna san áireamh; agus

  • Aon cháipéisíocht tacaíochta nó aon ábhar maidir le cúinsí an ghearáin.

Nuair is ábhartha atá ábhar doiciméadach, ba cheart cóipeanna den ábhar sin a chur ar fáil i dteannta an ghearáin, nuair is féidir.

Más mian leat gearán a dhéanamh faoi na hAchtanna um Eitic, ar fáil anseo, cuir sonraí ar aghaidh sa phost chuig:

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773

Mar mhalairt air sin, féadfaidh tú sonraí a chur ar aghaidh trí ríomhphost chuig complaints@sipo.ie

Gearán

Is féidir le haon duine gearán a dhéanamh go dtí an Coimisiún um Chaighdéain de réir na soláthairtí na hAchtanna um Eitic. Iarrann an Coimisiún gur chóir úsáid a bhaint as le gach acmhainn áitiúil roimh a gcuirtear gearán isteach go dtí an Coimisiún um Chaighdéain.


De réir sin, má shileann duine go briseadh fostaí nó baill den Údarás Áitiúil aon soláthar den Pháirt 15 den Acht Rialtas Áitiúil 2001, caithfidh an duine an t-ábhar seo a hardú le cláraitheoir an eitic Údarás Áitiúil ar an chéad dul síos. Má tá an duine míshásta le toradh de mhachnamh an t-ábhar tar éis a bheith atreorú go dtí cláraitheoir an eitic, is féidir é nó í gearán a chuir isteach go dtí an Coimisiún um Chaighdéain.

Cuirtear cosc ar an gCoimisiún um Chaighdeáin le halt 8 d'Acht 2001 gearán a dhéantar leis a fhiosrú mura nochtar céannacht an duine atá ag déanamh an ghearáin. Más rud é, áfach, go measann an Coimisiún um Chaighdeáin gur cuí déanamh amhlaidh, féadfaidh sé nochtadh na céannachta sin a shrianadh chun críocha an imscrúdaithe ar an ngearán nó ar shlí eile ar mhaithe le ceartas.

Féadfaidh na daoine seo a leanas gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi shárú féideartha ar na forálacha d'Acht 1995 a bhaineann le nochtadh:

  • Ball den phobal
  • Comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann
  • An tAire Airgeadais
  • Aire den Rialtas
  • "An t-údarás iomchuí" (de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956, ach gan Aire den Rialtas a áireamh) i ndáil le státseirbhíseach
  • An Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann

Féadfaidh na daoine atá liostaithe thuas gearán a dhéanamh faoi shealbhóirí poist áirithe. Is féidir sonraí faoi chatagóirí na bpost sin a fháil in alt 22 den Acht um Eitic, 1995

Féadfaidh duine ar bith gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin má mheasann sé nó sí go mb’fhéidir go mbeadh ceann ar bith de na nithe seo déanta ag "duine sonraithe" nó ag duine ar duine bainteach é:

  • go mb'fhéidir go mbeadh "gníomh sonraithe" déanta aige/aici;
  • go mb'fhéidir go mbeadh foráil de na hAchtanna um Eitic sáraithe aige/aici; nó
  • go mb'fhéidir go mbeadh foráil den Acht Toghcháin, 1997, arna leasú (na hAchtanna Toghcháin), sáraithe aige/aici.

Is é is gníomh sonraithe ann ná gníomh nó neamhghníomh atá déanta tar éis thosach feidhme alt 2 d'Acht 2001 (i.e. tar éis an 10 Nollaig 2001) atá:

  • ar neamhréir le comhlíonadh cuí fheidhmeanna na hoifige nó an phoist ag an duine sonraithe, ar oifig í nó post é a bhfuil an duine sonraithe ina dhuine sonraithe nó ina duine sonraithe faoina treoir nó faoina threoir, nó le muinín an phobail i gcoitinne sa chomhlíonadh sin a choinneáil, agus
  • ina ní a ngabhann tábhacht shuntasach phoiblí leis.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil in alt 4 den Acht um Chaighdeáin, 2001