Is féidir leis an Acht um Nochtadh Cosanta 2014 cosaintí áirithe a sholáthar nuair a thuairiscíonn tú éagóir san ionad oibre. Chun cáiliú do na cosaintí faoin Acht, ní mór duit coinníollacha áirithe a chomhlíonadh. Go ginearálta, is éard atá i gceist leis na coinníollacha seo ná go gcaithfidh tú a bheith i d'oibrí a thuairiscíonn faisnéis a fuair tú i gcomhthéacs a bhaineann le hobair a gcreideann tú le réasún go bhfuil claonadh ann éagóir ábhartha a thaispeáint. Bíonn coinníollacha breise i gceist ag brath ar cé leis a bhfuil do thuarascáil á déanamh agat.
Rinneadh an tAcht a nuashonrú leis an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú) 2022, a thosaigh an 1 Eanáir 2023. Tá oibleagáidí ar an gCoimisiún glacadh le tuarascálacha a thugtar dó faoin Acht, iad a mheasúnú agus a imscrúdú. Ní chumhdaíonn an tAcht nithe a eascraíonn faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.
Ceanglaíonn an tAcht um Nochtadh Cosanta 2014 ar chomhlachtaí poiblí tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ina leagtar amach líon na nochtadh cosanta a rinneadh an bhliain roimhe sin, agus na bearta a rinneadh. Tá liosta de thuarascálacha bliantúla roimhe seo le fáil ag bun an leathanaigh seo.
Is féidir nochtadh cosanta a dhéanamh chuig disclosures@sipo.ie.
Déileálann Daoine Ainmnithe atá forordaithe faoin Acht chun a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh thar ceann an Choimisiúin le nochtadh a dhéantar don Choimisiún.
Is duine forordaithe é an Ceannasaí um Eitic agus um Brústocaireacht a Rialáil (dá dtagraítear sna rialacháin um nochtadh cosanta mar Rúnaí an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí) faoin Acht (Ionstraim Reachtúil 339 de 2014, arna leasú le hIonstraim Reachtúil 448 de 2015).
Féadfaidh tú nochtadh a dhéanamh don Cheannasaí um Eitic agus um Brústocaireacht a Rialáil ar ábhair a bhaineann le maoirseacht ar na nithe seo a leanas:
• An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 (Uimh. 6 de 2014) maidir le húsáid liúntais gníomhaíochtaí parlaiminte ag páirtithe polaitíochta agus neamhspleácha.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar Nochtadh Cosanta, tabhair cuairt le do thoil ar oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta ag baint úsáide as an gcnaipe thíos.
Oifig Um Nochtadh Cosanta
Fuarthas nochtadh cosanta amháin sa bhliain 2021, ach tar éis dó an gearán a chuir san áireamh, bhí an Coimisiún den tuairim nach raibh na hábhair laistigh dá shainchúram agus cuireadh an gearánach ar an eolas dá réir sin.
Scrúdaigh an Coimisiún nochtadh cosanta a fuarthas sa bhliain 2019 agus dúnadh é ina dhiaidh sin sa bhliain 2021.
Fuarthas nochtadh cosanta amháin sa bhliain 2018. Tar éis dó an gearán a bhreithniú, áfach, tháinig an Coimisiún ar an tuairim nach raibh go leor faisnéise ann chun dul ar aghaidh agus tugadh fógra don ghearánach faoi sin.
Scrúdaigh an Coimisiún nochtadh cosanta amháin a fuarthas go mall sa bhliain 2017. Dúnadh ina dhiaidh sin é sa bhliain 2018.
Bhí nochtadh cosanta amháin faighte sa bhlian 2017, a cuireadh san áireamh ag an Choimisiúin i gcomhréir leis an Acht Eitice. Mheas an Choimisiúin go raibh mórán de na nithe ardaithe lasmuigh dá théarmaí agus gur thit siad in ionad faoi théarmaí comhlachtaí poiblí eile. Eisíodh freagairt dá réir. Mar sin féin, de bharr gur thit ceann de na nithe faoi údaráis an Choimisiúin, atreoraíodh é le measúnú i gcomhréir leis na hAchtanna um Eitice in Oifigí Poiblí. Tá an t-ábhar fós á phlé ag am an tuarascáil seo.