An bhfuil tú i do Sheanadóir? Má tá, tá oibleagáidí ort faoi na hAchtanna um Eitic, faoin Acht Toghcháin agus faoin gCód Iompair do Chomhaltaí Sheanad Éireann nach sealbhóirí oifige iad.

Má tá tú ag seasamh i dtoghchán, beidh oibleagáidí ort faoin Acht Toghcháin le linn an toghcháin agus tar éis tú a thoghadh araon. Agus tú tofa, ní mór duit cloí leis na hAchtanna um Eitic agus leis an gCód Iompair freisin.

Mar sheanadóir, tá tú i d’oifigeach poiblí ainmnithe faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, chomh maith. Féach www.lobbying.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin mbrústocaireacht.

Cén áit ar féidir liom comhairle a fháil?

Déan teagmháil linn ag an gCoimisiún um Chaighdeáin chun comhairle a fháil maidir leis na hoibleagáidí atá ort faoin Acht Toghcháin.

Déan teagmháil leis an gCoiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann chun comhairle a fháil maidir leis na hAchtanna um Eitic nó maidir leis an gCód Iompair, toisc nach bhfuil aon údarás againn comhairle a thabhairt duit maidir leis na réimsí sin.