Cuirimid réimse seirbhísí ar fáil i gcomhréir leis na forálacha de chuid ceithre phíosa reachtaíochta a bhfuil an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí freagrach astu:
I measc na seirbhísí a chuirimid ar fáil tá:
Chun ár gcuid oibre a dhéanamh, tá gá le rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara éagsúla lena n-áirítear:
Mar atá leagtha amach inár Ráiteas Straitéise 2022-2025, tá sé mar aidhm againn barr feabhais agus gairmiúlacht a bhaint amach i soláthar ár seirbhísí. Déanaimid ár ndícheall a bheith ina eagraíocht dírithe ar chustaiméirí amach agus seirbhís inrochtana, éifeachtúil agus éifeachtach a chur ar fáil dár gcustaiméirí, lena n-áirítear daoine den phobal agus na comhlachtaí poiblí a n-oibrímid leo. Déanfaimid ár ndícheall chun caighdeáin cháilíochta sainithe a chomhlíonadh agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht chun a chinntiú go bhfanann ár gcustaiméirí i gcroílár gach rud a dhéanaimid. Leagtar amach inár gCairt d’Úsáideoirí Seirbhíse an méid is féidir leat a bheith ag súil leis uainn nuair a dhéanann tú teagmháil leis an gCoimisiún.
Má dhéanann tú teagmháil linn ar an nguthán, déanfaimid an méid seo a leanas:
Má sheolann tú litir, ríomhphost nó fiosrúchán ar líne chugainn, déanfaimid an méid seo a leanas:
Má thugann tú cuairt orainn go pearsanta, déanfaimid an méid seo a leanas:
Déanfaimid gach iarracht cabhrú leat más mian leat do ghnó a dhéanamh linn trí Ghaeilge. Áirítear leis sin na gealltanais seo a leanas:
Má théann rud éigin mícheart agus nach bhfuil tú sásta lenár seirbhís do chustaiméirí, le do thoil inis dúinn.
Baineann sé seo le ceist an chúraim agus na seirbhíse do chustaiméirí sa chaoi ar dhéileáil ár bhfoireann leat.
Tabhair do d’aire nach dtiocfaidh easaontas maidir le toradh ábhar a bhreithnigh an Coimisiún faoi raon feidhme an chineáil gearáin seo.
Is féidir leat cabhrú linn seirbhís ardchaighdeáin a thabhairt duit:
Tá suim againn i gcónaí moltaí a chloisteáil maidir le conas is féidir linn feabhas a chur ar ár seirbhís. Más mian leat tuairim a thabhairt nó moladh a dhéanamh seol ríomhphost chuig info@sipo.ie
Tá an doiciméad seo ar fáil ar ár suíomh gréasáin www.sipo.ie. Is féidir leat sonraí a fháil freisin faoinár ngníomhaíochtaí, ár bpolasaithe agus ár bhfaisnéis teagmhála eile ar ár suíomh gréasáin.
Tá ár sonraí teagmhála iomlána ar fáil ar an leathanach gréasáin “Teagmháil”.
Is é ár seoladh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773. Bíonn an Oifig ar oscailt ó Luan go hAoine idir 9.15 am agus 5.00 pm.
Fón:
SIPO + 353 1 639 5666
Brústocaireacht + 353 1 6395722
Ríomhphost:
Fiosrúcháin SIPO info@sipo.ie
Eitic agus Gearáin Toghcháin complaints@sipo.ie Brústocaireacht Fiosrúcháin info@lobbying.ie
Tuigimid go mbíonn strus i gceist le gearán/nochtadh/achomharc nó iarratas a dhéanamh, agus ó am go ham, bíonn sé seo le braistint sa teagmháil a bhíonn ag daoine leis an Oifig seo. Is eol don fhoireann anseo go mbaineann sé seo leis an bpost atá acu.
É sin ráite, bímid ag súil go n-iompróidh daoine iad féin go réasúnta nuair a théann siad i dteagmháil lenár nOifig. Ní iarrfar ar an bhfoireann cur suas le hiompar atá maslach, gránna ná bagrach, nó má thógann sé an iomarca ama agus acmhainní a d’fhéadfaí a úsáid chun cuidiú le custaiméirí eile.
Ní ghlacfar leis an iompar seo a leanas:
Má dhúnann an Oifig seo comhad, tá sé míréasúnta diúltiú don chinneadh nó má éilítear go bhféachfaidh ball eile den fhoireann ar an gcás arís.
Is éileamh míréasúnta é má éilítear go ngíomhaítear maidir le cás atá lasmuigh de shainchúram na hOifige seo; má lorgaítear réiteach nach bhfuil réadúil nó atá díréireach; má éilítear go ndéileálfaidh nó nach ndéileálfaidh duine áirithe le do chás, nó má éilítear go ndéileálfar le do chás laistigh d’achar ama faoi leith nó roimh custaiméirí eile.
Léirítear é seo tríd an gcás a shainmhíniú don Oifig ar bhealach atá doiléir; trí mhórán doiciméad a chur i láthair ar bhealach atá trí chéile; trí bhonn an cháis a athrú fad is atá próiseas na hOifige ar siúl; trí eolas a choimeád siar agus gan a bheith macánta faoi na fíricí. Áirítear freisin neamhchomhoibriú uaitse leis an Oifig a d’fhéadfadh bac nó moill a chur ar an bpróiseas.
Ní cóir argóintí míréasúnta a dhéanamh les an Oifig seo. Mar shampla, áibhéil a dhéanamh, argóintí a chur i láthair nach mbaineann le hábhar, bheith meáite go nglactar le do leagan-sa den scéal nuair nach bhfuil aon fhianaise oibiachtúil chun tacú leis seo, nó má dhiúltaíonn tú glacadh leis go bhféadfadh leagan eile den scéal a bheith i gceist.
Áirítear le hiompar míréasúnta glaonna gutháin iolracha, ríomhphoist nó litreacha faoin ábhar céanna, bagairtí foiréigin, mí-úsáid fhoireann na hOifige, iompar drochbhéasach nó bagrach, íomháú graosta a sheoladh agus iarracht a dhéanamh foireann a spreagadh chun dul i mbun argóinte nach bhfuil gá léi agus a chuireann am amú. Meastar freisin gur iompar maslach iad ráitis ghríosaitheacha agus líomhaintí gan chruthú.
Tabhair le fios, le do thoil, má fhaightear ríomhphoist le heascainí agus/nó íomhánna do-ghlactha, nach n-admhófar ríomhphoist dá leithéid agus go gcuirfear moill ar do chomhfhreagras, toisc go gcuireann ár mballa dóiteáin bac orthu go huathoibríoch. Má leanann na ríomhphoist seo ar aghaidh cuirfear bac ar an seoladh ríomhphoist.
Ní ghlacfar le comhfhreagras atá maslach ná bagrach don fhoireann. Ní eiseofar freagra ar a leithéid de chomhfhreagras.
Déarfaimid leis an duine má mheasaimid go raibh siad drochmhúinte nó maslach, agus iarrfaimid orthu gan a leithéid de chaint a úsaid. Tá an ceart ag an bhfoireann deireadh a chur le glaoch gutháin má leantar leis an iompar sin.
Má mheasaimid go raibh do chuid iompair míréasúnta, déarfaimid leat é agus iarrfaimid ort é a athrú.
D’fhéadfadh a bheith i gceist le hiompar míréasúnta, eachtra nó dhó ar leith, nó eachtraí nó iompar a tharlaíonn thar tréimhse ama. Má leantar leis an iompar míréasúnta nó má mheastar gur cúis imní é (ar nós foréigean a bhagairt ar bhall foirne), gníomhóimid chun srian a chur leis an teagmháil atá ag an ngearánach lenár n-oifigí agus lenár bhfoireann.
De ghnáth, déanfar an cinneadh seo nuair a bheidh athbhreithniú déanta ag ball foirne níos sinsearaí ar an gcás. Beidh na srianta cuí agus ag teacht leis an saghas iompair atá i gceist. Is iad na roghanna is dócha go mbainfear úsáid astu ná:
I ngach cás, scríobhfaimid chugat chun a rá leat cén fáth an gcreidimid go bhfuil d’iompar míreasúnta agus an rud atá i gceist againn a dhéanamh. Má tá an t-iompar as cuimse ar fad, agus má chuireann sé sábháilteacht agus leas na foirne agus daoine eile i mbaol, gníomhóimid dá réir. Mar shampla, cuirfimid an cás faoi bhráid an Gharda Síochána nó tionscnóimid imeachtaí dlí. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé tarlú nach dtabharfaimid rabhadh duit maidir leis sin.
Beag beann ar d’iompar, léiróidh ár bhfoireann meas ort mar aon le dearcadh neamhchlaonta maidir leis na saincheisteanna atá ardaithe agat leis an Oifig seo.
Agus an Polasaí maidir le hIompar Réasúnta á fhorbairt aici, chuir an Oifig san áireamh nach mór deireadh a chur leis an leithcheal, comhionannas a chur chun chinn agus na cearta daonna a chosaint atá leagtha síos in alt 42(1)(a)-(c) den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014.