Déanann an Coimisiún um Chaighdeáin maoirseacht ar riar na reachtaíochta i gceithre réimse ar leith:
- Na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, rud lena leagtar amach caighdeáin iompair d’oifigigh phoiblí, bíodh siad tofa nó ceaptha;
- An tAcht Toghcháin, 1997, rud lena rialáiltear maoiniú polaitíochta, lena n-áirítear síntiúis pholaitíochta agus speansais toghcháin;
- An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, rud lena rialáiltear an dóigh a gcaitear na cistí poiblí a thugtar do pháirtithe polaitíochta agus do chomhlachtaí neamhspleácha; agus
- An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, rud lena ndéantar ní trédhearcach den bhrústocaireacht a dhéantar ar oifigigh phoiblí.
Cad a dhéanann an Coimisiún um Chaighdeáin?
- cuireann sé treoir agus comhairle ar fáil do gheallsealbhóirí;
- déanann sé maoirseacht ar chomhlíonadh, lena n-áirítear tuairisceáin reachtúla a fháil ó dhaoine aonair agus eagraíochtaí atá faoi réir na nAchtanna;
- próiseálann sé gearáin agus scrúdaíonn sé éagóracha féideartha faoi na hAchtanna; agus
- tugann sé faoi ghníomhaíochtaí for-rochtana chun a chinntiú go bhfuil tuiscint ag na daoine sin a bhfuil oibleagáidí orthu faoi na hAchtanna (lena n-áirítear comhaltaí den Oireachtas, iarrthóirí i dtoghcháin agus brústocairí) ar cheanglais an Achta agus go bhfuil siad in ann na ceanglais sin a chomhlíonadh.
Faigheann an Coimisiún um Chaighdeáin tacaíocht ina chuid oibre ó Rúnaíocht, atá faoi cheannas ag an gCeann um Eitic agus Brústocaireacht a Rialáil. Soláthraíonn Oifig an Ombudsman foireann na Rúnaíochta.